Monday, January 04, 2010


Pléaschán ina thóin, Al Qaeda mó thóin!



O am go chéile, cloistear scéal nua faoi bhagairt an Al Qaeda sna meáin chumarsáide, eachtra sceimhlitheoireachta eile a chuireann eagla orainn. Fear arabach gafa san eitleán le pléaschán ina thóin. Seo é an scéal nua. Go bhfóire Dia orainn, an féidir linn aon rud níos áiféisaí a shamhlú? Pléaschán ina thóin? I n’dáiríre! B’in a scéal a chualamar cúpla seachtaine o shin nuair a bhíomar ar tí ár ndeocheanna a ghabhadh siar don Athbhliain. Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm anois faoina scéalta sin. Ní gá dom a rá leat nach raibh i gceist le Al Qaeda i dtosach báire ach sócmhainn do sheirbhisí slándála iartharacha.

Bunaíodh Al Qaeda san Afganastáin i 1978 agus bá tionscadal de CIA iad i gcónaí. Ag an am, bhain siad usáid as an ISI( Interservices Intelligence) de Phacastáin chun na moslammaigh a ghríosú in aghaidh na Sóvéadaigh. Cloiseann tu a lán seafóid faoi láthair maidir le ‘ionsaí’ a rinne Aontas na bPoblachtaí Sóvéadachta Sóisialacha san Afganastán ag an am. Ar dtús báire, níl sé sin fíor in aon chor. Is fíor gur ndeachaigh na trúpaí sóvéadeacha go Kabul ach bhí drogall orthu é sin a dhéanamh ar an gcéad dul síos. I bhfírinne ní raibh na Sovéadaigh ag iarraidh an tír a rialú. Tháinig siad arna iarraidh sin ag rialtas sóisialach na hAfganastáine nuair a bhí na mujahedeen/CIA ag chothú sceimhlitheóireachta ar fud na tíre. Sin difríocht mhór idir an cogadh anois agus an cogadh ansin.

Faidhmíonn Al Qaeda mar shocmhainne na seirbhísí rúnda iartharaigh ó thosaigh an scéal mór na sceimhlitheoireachta domhanda. Ní folóir dúinn é sin a thuiscint. Mar sin, nuair a chlóisim scéalta faoi fhear éigin arabach eile gafa sna san éitleán éigin sna Stáit Aontaithe, tá fhios agam céard atá i gceist anseo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil céim nua ag teacht sa chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Ar ball, béimid ag caint faoi sceimhlitheoireacht sa Nigéir chomh maith. Tá an cogadh ag leanúint ar aghaidh sna tíortha eile anois chomh maith. Tá an Araib Shádach, comhghuaillí na Stát Aontaithe ag píolótú thar Phoblacht Éimin faoi láthair agus beidh siad ag cabhrú le maoirseacht na Somáile ar ball chomh maith. Déan dearmad ar ‘Al Qaeda’, tá cluithe i bhfad níos casta i gceist anseo. Pléascháin ina thóin, Al Qaeda mó thóin!

Gluais

Bagairt - threat

níos áiféisaí- more absurd

sceimhlitheóireacht- terrorism

cogadh- war

maoirseacht- supervision

a ghríosú- to incite

No comments: